Jacob Burckhardt

Ba staraí Eilvéiseach é Carl Jacob Christoph Burckhardt, a rugadh ar an 25 mí an Mhárta 1818 i mBasel san Eilvéis. Tá cáil idirnáisiúnta aige mar staraí ealaíne agus cultúrtha.

Bhí Burckhardt ar dhuine de scoláirí móra agus ba thábhachtaí sa naoú haois déag i stair chultúrtha agus stair na n-ealaíon, go háirithe ó ré na hAthbheochana idir na Meánaoiseanna agus an Ré Nua-aoiseach san Iodáil. Bhí sé ina ollamh ar ollscoileanna éagsúla ar feadh a shaoil sa Ghearmáin agus san Eilvéis, m.sh. ar Ollscoil Basel. Tá go leor leabhar scríofa aige freisin, ina measc an dá leabhar seo atá an-cháiliúl: ''Die Kultur der Renaissance in Italien'', foilsithe sa bhliain 1860 agus ''Die Geschichte der Renaissance in Italien'', foilsithe sa bhliain 1867.

Chaith Jacob Burckhardt na blianta deireannacha a shaoil i mBasel agus fuair sé bás san áit chéanna ar an 8 Bealtaine 1897. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 1 toradh á dtaispeáint as 1 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Burckhardt, Jacob', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1