Guy de Maupassant

Scríbhneoir Francach ab ea Henri René Albert Guy de Maupassant (5 Lúnasa 18506 Iúil 1893). Do rugadh é i ''château'' Mhiromesnil, ''château'' atá suite i dTourville-sur-Arques, agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince.

Cara de chuid Ghustave Flaubert agus Émile Zola ab ea Maupassant, scríbhneoir a d'fhág an-lorg ar litríocht na Fraince de bharr na n-úrscéalta - úrscéalta ar nós ''Une vie'' (1883), ''Bel-Ami'' (1885) agus ''Pierre et Jean'' (1887-1888) - agus na ngearrscéalta dá chuid. Deirtear gurbh é ba mhó a chuir an gearrscéal chun cinn sa Fhrainc agus tá an-chlú go deo ar ghearrscéalta de chuid Mhaupassant sa lá atá inniubh ann fós. I measc na gcnuasach gearrscéalta a foilsíodh, is iad ''Boule de suif'' (1880), ''Contes de la bécasse'' (1883) agus ''Le Horla'' (1887) na cnuasaigh is iomráití.

Ainneoin an mhéid a scríobh sé, ní raibh Maupassant ina scríbhneoir ach ar feadh deich mbliana amháin - .i. ón mbliain 1880 go dtí an bhliain 1890 -, do fuair an íorthacht dianghreim air ag deireadh na tréimhse sin agus ní raibh sé in ann scríobh a thuilleadh. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 19 toradh á dtaispeáint as 19 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Maupassant, Guy de', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Maupassant, Guy de
    Foilsithe / Cruthaithe [χ.χ
    Faigh an téacs iomlán
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19