Jacques Monod
Bithcheimicí a rugadh i bPáras ab ea Jacques Lucien Monod (9 Feabhra 1910 – 31 Bealtaine 1976). Lena chomhghleacaí François Jacob, rinne sé taighde bunúsach ar mheicníochtaí géiniteacha rialaithe, agus shaothraigh teoiric an obróin, géin a rialaíonn géinte eile trí nascadh le cuid ar leith den DNA. Roinneadar Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1965 le André Lwoff. D'fhoilsigh sé ''Le Hasard et la Nécessité'' (Seans agus Riachtanas, 1970), leabhar ar fhealsúnacht na beatha bunaithe ar an mbitheolaíocht. Arna chur ar fáil ag Vicipéid-
1de réir Monod, Jacques, Παπαδόπουλος, Νικόλαος Π., translator, Σταύρου, Αλκης, editor
Foilsithe / Cruthaithe c197 -
2de réir Μυλωνάκη, Δανάη, translator, Medvedev, Zhores A., Monod, Jacques, prefacer
Foilsithe / Cruthaithe 1971